Is í an Chomhairle Eorpach a leagann amach treoirlínte ginearálta polaitiúla agus tosaíochtaí ginearálta an Aontais Eorpaigh. Rinneadh institiúid oifigiúil di nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Is é Herman Van Rompuy atá mar Uachtarán uirthi.
Seo a leanas roinnt ceisteanna faoina bhfuil i gceist leis an gComhairle Eorpach agus faoin méid a bhíonn ar siúl aici, mar aon le roinnt freagraí a sholáthraítear le hAirteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (an chéad chuid de Chonradh Liospóin).
Céard a dhéanann an Chomhairle Eorpach?
Tugann an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh a bhfuil gá leis má tá sé le forbairt agus sainíonn sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta. Ní fheidhmíonn sí feidhmeanna reachtacha.
Cé hiad comhaltaí na Comhairle?
Tá an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre.
Nuair a éileoidh an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige.
Cé chomh minic a thagann siad le chéile?
Tagann an Chomhairle Eorpach le chéile faoi dhó gach sé mhí arna comóradh ag a hUachtarán.
Nuair a éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh an tUachtarán cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach a chomóradh.
Conas a ghlacann sí cinntí?
Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, glactar cinntí na Comhairle Eorpaí trí chomhthoil. I gcásanna áirithe, glacann sí cinntí d'aon toil nó trí thromlach cáilithe, ag brath ar a bhforáiltear sa Chonradh.
Conas a roghnaítear Uachtarán na Comhairle? Cé chomh fada atá téarma oifige an Uachtaráin?
Is trí thromlach cáilithe a thoghann an Chomhairle Eorpach a hUachtarán. Dhá bhliain go leith a bhíonn i dtéarma oifige an Uachtaráin agus bíonn sé in-athnuaite aon uair amháin.
Is iondúil gur sa Bhruiséil a thagann an Chomhairle Eorpach le chéile, in áras Justus Lipsius. Tugann Ard‑Rúnaíocht na Comhairle cúnamh di
Sracfhéachaint ar stair na Comhairle Eorpaí
Bunaíodh an Chomhairle Eorpach i 1972 d'fhonn fóram neamhfhoirmiúil a bhunú le haghaidh plé idir na Ceannairí Stáit nó Rialtais. Ba ghearr gurb é an comhlacht é a leag síos spriocanna an Aontais agus a léirigh an bealach leis na spriocanna sin a bhaint amach i ngach réimse de ghníomhaíocht an AE. Le Conradh Maastricht 1992, tugadh stádas foirmiúil di agus sainíodh leis an stádas sin gurbh í an fheidhm a bheadh leis an gComhairle spreagadh agus treoirlínte polaitiúla ginearálta a thabhairt maidir le forbairt an Aontais. Rinneadh ceann de sheacht n-institiúid an Aontais di an 1 Nollaig 2009, le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.
Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Conradh Liospóin) (pdf)
 |
Cruinniú neamhfhoirmiúil de na Ceannairí Stáit nó Rialtais
Preasagallamh leis an Uachtaránacht
Déardaoin, 19 Samhain 2009
Breathnaigh ar an bhfíseán
|
 |
Cruinniú neamhfhoirmiúil de na Ceannairí Stáit nó Rialtais
Grianghraf den Ghrúpa
Déardaoin, 19 Samhain 2009
Breathnaigh ar an bhfíseán |
 |
Bileog eolais faoi Uachtarán na Comhairle Eorpaí
PDF, 2 leathanach, 240Kb
(en)
|
 |
Bileog eolais faoi Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
PDF, 2 leathanach, 240Kb
(en)
|
 |
Rialacha nós imeachta na Comhairle Eorpaí (en)
|
 |
Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (en)
|
 |
Conradh Liospóin a chur chun feidhme (en) (fr)
|
 |
CÚLRA, An tionchar atá ag Conradh Liospóin ar an gComhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (CGB): níos mó comhchinnteoireachta agus struchtúr nua oibre (en) / Teangacha eile
|
 |
CÚLRA, Conradh Liospóin (en) (fr) |