Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu sa Bhruiséil an 19 Samhain 2009, roimh do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig, chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais an AE d'aon toil Herman VAN ROMPUY a cheapadh mar chéad Uachtarán buan na Comhairle Eorpaí.
Ghlac sé an cúram sin air féin nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Mhair a chéad téarma go dtí an 31 Bealtaine 2012.
An 1 Márta 2012 ceapadh Herman Van Rompuy don dara téarma ag tosú ón 1 Meitheamh 2012 agus ag teacht chun deiridh an 30 Samhain 2014.
■ Cad a dhéanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí?
I gcomhréir le hAirteagal 15(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach , is iad seo a leanas dualgais Uachtarán na Comhairle Eorpaí:
- bheith ina chathaoirleach uirthi agus a cuid imeachtaí a stiúradh;
- ullmhúchán agus leanúnachas obair na Comhairle Eorpaí a áirithiú i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn obair na Comhairle Gnóthaí Ginearálta;
- féachaint le comhtháthú agus comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach;
- tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Eorpaí.
Chomh maith leis sin, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ar a leibhéal agus sa cháil sin, ionadaíocht sheachtrach thar ceann an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, ach sin gan dochar do chumhachtaí
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.Ní fhéadfaidh sé oifig náisiúnta a shealbhú ag an am céanna le bheith ina Uachtarán.
■ Conas a thoghtar Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus cá fhad a mhaireann a shainordú?
I gcomhréir leis an gConradh, toghann an Chomhairle Eorpach a hUachtarán trí thromlach cáilithe. Dhá bhliain go leith atá i dtéarma Uachtaránachta, ar féidir é a athnuachan uair amháin.
■ Cén fhoireann tacaíochta a bhíonn ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí?
Faigheann an Chomhairle Eorpach cabhair ó Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC). Tá foireann an ARC faoi réir an Uachtaráin mar sin, lena n-áirítear an Stiúrthóireacht le haghaidh ceisteanna polaitiúla ginearálta, an tSeirbhís Dlí, saineolaithe beartais, seirbhísí aistriúcháin, prótacal, an preasoifig, srl.
Tá a oifig phríobháideach féin ag an Uachtarán,
An Fhoireann in oifig an Uachtaráin.
■ Cá bhfuil oifigí Uachtarán na Comhairle Eorpaí suite?
Tá a oifig ag an Uachtarán, ó thráth a cheaptha, i bhfoirgneamh Justus Lipsius de chuid na Comhairle. Chomh luath agus a bheidh críoch curtha le foirgneamh nua na Comhairle Eorpaí, mar a mheastar in 2013, beidh a oifig ag an Uachtarán ansin.
■ Céard é an stair a bhaineann le feidhm Uachtarán na Comhairle Eorpaí?
I gcomhréir le Conradh Lispóin a glacadh in 2009, tá feidhm chobhsaí agus lán-aimseartha ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí.
Post neamhoifigiúil a bhí i gceannaire na Comhairle Eorpaí roimhe sin de bhrí gur bunaíodh an Chomhairle Eorpach mar chomhlacht neamhfhoirmiúil nuair a cruthaíodh i 1975 é. Ba ag Ceannaire Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a raibh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag aon am aige a bhí an post. Athraíodh an Uachtaránacht rothlach idir na Ballstáit gach sé mhí.